Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 4 Aibreán 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seosamh ó Laoi, Comhairleoir Contae le Fine Gael.

Tá sé ag moladh go mbunófaí fóram le dul ag plé le cúrsaí baint feamainne.

 

Éist anois

Séamus Ó Scanláin, as Indreabhán; Christina Nic Dhonncha, as an Trá Bháin & Pádraic Ó Duitche, as ceantar Dhúiche Sheoigheach.

Is í seo an tseachtain ina ndírítear aird ar chúrsaí ólacháin. Chuaigh Fionnuala Uí Neachtain amach i measc an phobail inné agus chuir sí an cheist 'An ólann muid an iomarca sa tír seo'? Is fear óg é Séamus agus ní thógann sé aon deoch meisciúil. Tógann Christina corr dheoch. Is réadóir é Pádraic le ós cionn ceathracha bliain.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar an oíche mhór a bhí i dTeach Ósta Thír na nÓg, Indreabhán Dé Sathairn seo caite nuair a sheol Meaití Joe Shéamuis dlúthdhiosca nua ''Sioscadh na Gaoithe'' le Nan Tom Taimín de Búrca.

Éist anois

Edel Ní Chuirreáin, ceannaire Raidió na Gaeltachta.

Tá Edel sa gCorn i Sasana faoi láthair, áit a bhfuil cúig ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach 2014.

Éist anois

Niamh de Búrca, ó Ghael Linn.

Beidh craobhchomórtas Shiansa Ghael Linn na bliana seo ar siúl sa gCeoláras Náisiúnta i mBleá Cliath Dé Domhnaigh seo chugainn ag 7.30.

Éist anois

Therese Ruane, ball de fhoireann Teagaisc Chonradh na Gaeilge i Maigh Eo.

Tá grúpa atá ag freastal ar ranganna Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh ag eagrú ócáide ar a dtugann siad ''Cuairt ar Thuar Mhic Éadaigh'' anocht agus Dé Satharn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal