Iris Aniar Déardaoin 3 Aibreán 2014
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Clár irise á chur i láthair ó Chasla.
Ag caint ar na dabhchanna séarachais agus na tástálacha atá dhá ndéanamh orthu. Labhair sé chomh maith ar chosán coisithe Ros a'Mhíl agus an stad a bhfuil sé aige faoi láthair.
Tá beirt dornálaithe óga ó Chlub Dornálaíochta Chonamara ag tabhairt a n-aghaidh ar an Stáid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath amárach agus iad ag troid i gcraobh na hÉireann faoi chúig bliana déag. Is iad Seán Ó Cualáin as Cladhnach agus Cathal Ó Gríofa as Tír an Fhia an bheirt a bheas sa bhfáinne san oíche amárach.
Chlis na duáin ar Cholm nuair a bhí sé ina fhear an-óg agus tá blianta fada caite aige anois ag brath ar inneall duán chun é a choinneáil beo.
Bhí daoine as an taobh seo tíre thuas i mBaile Átha Cliath inné ag déanamh stocaireachta ag an gcéad chruinniú a bhí ag baill den Choiste Comhairleach nua ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá bunaithe ag an Aire Gaeltachta.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís