Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 1 Aibreán 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Teanga.

Beidh stocaireacht á dhéanamh ag daoine as an taobh seo tíre ar bhaill den Choiste Comhairleach nua ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá bunaithe ag an Aire Gaeltachta, nuair a bheas a gcéad chruinniú acu i mBaile Átha Cliath amárach.

Éist anois

Marcus Ó Súilleabháin.

Mar chuid den fheachtas bailiúchán airgid do Katie O'Halloran ''Katie Born to Run'' tá grúpa daoine tagtha le chéile agus é socraithe acu taisceadán a chur i dtalamh ag Séipéal an Ghoirt Mhóir i Ros Muc ar an gcéad lá de Mheitheamh. Beidh an taisceadán seo sa talamh ar feadh caoga bliain.

Éist anois

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéal.

Tá an dara litir ghearáin seolta ag Comhlacht Forbartha an Spidéil chuig an gcoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, mar gheall go bhfuil An Post ag scaipeadh cártaí poist, i gceantar an Spidéil, agus in áiteacha eile ar fud na Gaeltachta, atá i mBéarla amháin.

Éist anois

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, ó Phastime Chonamara.

Bhí Máirtín ag cur síos ar cén fáth a bhfuil sé féin ag rith sa toghchán aitiúla.

Éist anois

Caroline Ní Chualáin, ó Ghréasán na Meán.

Tá Gréasán na Meán ag eagrú riar ceardlann ag tús na míosa seo chugainn.

Éist anois

Tommy Stephen Breathnach, saineolaí teilifís.

Thosaigh RTÉ ag craoladh in ardghléine nó High Definition i mí Nollaig na bliana seo caite agus tá ath-tuineáil le déanamh ar an mbosca anois,thug Tommy eolas ar céard atá le déanamh ag daoine le go mbeidh RTÉ 1 acu tar éis an lá amárach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal