Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 31 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara & Máirtín Breathnach, rúnaí Chomharchumann Mhic Dara.

Is iad Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a bhuaigh príomhdhuais Ghlór na nGael ag ócáid i gCluain Tarbh san oíche Dé Sathairn.

Éist anois

Máirtín Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Ionad na nImirceach i gCarna.

Nochtaíodh imní ar Iris Aniar Dé hAoine seo caite faoin airgead a bailíodh sna 1990aidí le forbairt a dhéanamh ar shuíomh an tseanhalla i gCarna, ach tá an t-airgead sin slán sábhailte mar a thug Micheál Ó Maoláin le fios ar an gclár.

Éist anois

Timín Joe Tim Ó Curraidhín, as an gCnocán Glas.

Chuaigh Peadar Ó Cualáin síos go bhfeicfeadh sé cuid den choill agus an barr portaigh a bhí nochtaithe thíos in aice thrá an Spidéil, cuid de nár facthas cheana le cuimhne na ndaoine.

Éist anois

Maidhc Ó Curraoin, rúnaí Chomhairle Ceantar na nOileán.

Bhí feachtas ar siúl ag Comhairle Ceantar na nOileán le roinnt seachtainí agus iad ag iarradh go bhfágfaí Beairic Leitir Móir ag pobal Leitir Móir mar áis phobail, ach níor éirigh leo sa bhfeachtas mar gur díoladh é ag ceant i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite.

Éist anois

Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha le hEalaín na Gaeltachta.

Tá an eagraíocht, Ealaín na Gaeltachta ar thóir iarratas arís i mbliana do scéimeanna éagsúla, ó dhaoine nó grúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt nó a sholáthar sa Ghaeltacht.

Éist anois

Evan Chamberlain, ó Good Company Productions.

Ní bheidh sé i bhfad go mbeidh an clár 'Feirm Factor' ar ais ar ár scáileáin arís ar TG4 agus táthar ag cuartú Feirmeoirí le Gaeilge. An uair seo, is 'Clann Feirm Factor' a bheas i gceist, áit a mbeidh ceathrar ar gach foireann.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal