Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé hAoine 28 Márta 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Bríd Ní Laoithe, riarthóir Ash Ireland & Dr. Niall Ó Cléirigh.

Bríd Ní Laoithe, riarthóir Ash Ireland & Dr. Niall Ó Cléirigh.

Inniu lá Lus an Chromchinn agus beidh sé deich mbliana amárach ó cuireadh cosc ar chaitheamh tobac i dtithe ósta agus láithreacha oibre. Chuaigh ár dtuairisceoir Fionnuala Uí Neachtain chun cainte le roinnt scoláirí óga agus leis an ngnáthphobal inné agus chuir sí an cheist, cén tionchar a cheap siad atá ag cosc ar chaitheamh tobac ar an dream óg.

Pádraig Beaglach, as Gort a'Chaladh, Mionlach.

Ag cur síos ar stair agus ar a chuimhní cinn faoi cheantar Gort a 'Chaladh agus Mionlach.

Deirdre Ní Mhaoláin, Comhairleoir Cánach.

Deirdre Ní Mhaoláin, Comhairleoir Cánach.

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta le chuile shórt a bheith i gclár agus i bhfoirm don cháin mhaoine áitiúil. Mura bhfuil sé íoctha agat go dtí seo, tá agat go dtí cúig a chlog tráthnóna Dé Luain seo chugainn an lá deireanach de mhí Márta le do chuid socruithe a dhéanamh ionas nach mbeidh aon ús ná aon phionós le n-íoc agat.

Máire Ní Chuinneagáin, príomhoide Scoil Fhursa i nGaillimh.

Máire Ní Chuinneagáin, príomhoide Scoil Fhursa i nGaillimh.

Tá feachtas bailiú airgid ar siúl faoi láthair le síneadh a chur le Scoil Fhursa agus mar chuid dó sin beidh saothair ealaíne go leor á mbailiú ar mhaithe leis an bhfeachtas agus beidh siad á gcur ar ceant anocht.

Joanne Ní Fhlatharta, Oifigeach Forbartha Chonnacht le Óige na Gaeltachta.

Joanne Ní Fhlatharta, Oifigeach Forbartha Chonnacht le Óige na Gaeltachta.

Beidh Fachtóir Náisiúnta Óige na Gaeltachta 2014 ar siúl san oíche Dé Sathairn ar Inis Mór.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís