Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 27 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Majella Ní Chríocháin, príomhoifigeach feidhmiúcháin Chomhar na nOileán.

Ní bheidh aon ionadaíocht ag Comhar na nOileán ar an gcoiste LCDC nó na Coistí Forbartha Áitiúla Pobail nua atá curtha ar bun ag Comhairle Contae na Gaillimhe le breathnú i ndiaidh chúrsaí forbartha áitiúil sa gcontae.

Éist anois

Seán Mac Donncha, as an Aird Thiar, Carna & Máire Uí Churraoin, iascaire as Muighros i gCarna.

Tá Seán seacht mbliana déag is ceithre scór bliain d'aois agus labhair Mairéad Uí Chuaig leis faoin reilig ar Chrua na Cara agus na taisí a nochtaíodh ansin le gairid. Labhair Máire le hoibrithe Oifig na nOibreacha Poiblí sula ndeachaigh siad amach go hOileán Mhic Dara inné le scrúdú a chur ar na taisí.

Éist anois

Emma Scott, as Gaeltacht Rath Cairn i gContae na Mí.

Tá Emma ag baint clú agus cáil amach di féin ag crochadh meáchan. Bronnadh an gradam seaimpín domhanda sa rannóg sóisir uirthi ag na comórtais domhanda i nGlaschú i mí na Samhna seo caite.

Éist anois

Peadar Ó Maoláin, oifigeach Teanga & Cultúir le Údarás na Gaeltachta & Máirín Ní Chonghaile, Bainisteoir Naíolann na nOileán.

Tá Muintearas ag reáchtáil Ceardlann Damhsa Gaelach & Céilí in Ionad Pobail Leitir Móir Dé Sathairn 29 Márta.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal