Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 24 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Pádraig Ó Ceoinín, Carna & An Comhairleoir Condae, Seosamh Ó Laoi.

Ag labhairt ar chéibh Bhéal Cara i gceantar Leitir Ard. Níl céibh Bhéal Carra i gCeantar Leitir Aird ar liosta na gcéibheanna atá le deasú de bharr na stoirmeacha.

Éist anois

Jacqueline Céitinn agus Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Mír rialta síceolaíochta ina raibh Máirín ag tagairt do lá na máthair agus bhí jacqueline ag labhairt faoi gur uchtaíodh í nuair a bhí sí 6 mhí d’aois.

Éist anois

Josephine Ní Chuanaigh, Lorraine Uí Shé, Síle Keane agus Máirtín Ó Conaill ó Bootleggers na Gaillimhe.

Borradh mór faoin damhsa ‘linedancing’ i Ros Muc agus in áiteanna nach é!

Éist anois

Maidhc P. Ó Conaola, ó Chumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige.

Ag cur síos ar léacht faoi sheanscannáin agus Réalta Chois Fharraige a bheas ar siúl i gColáiste Chonnacht ar an Déardaoin seo 27ú Márta, tosnú ag a hocht a chlog.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal