Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 21 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times.

Tá Harry ainmnithe ar an duine is déanaí atá ceaptha ar Údarás na hOllscoile - údarás rialaithe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá dhá scór baill ar Údarás na hOllscoile agus chuir Harry síos ar na dualgais a bheas air.

Éist anois

Eilín Peircín, ó Comhar Chuigéil.

Is é tráthnóna inniu an lá deiridh le cur isteach ar dheontas le hinsliú a chur ar theach nó le fuinneamh a chaomhnú le bheith istigh faoi an scéim atá Comhar Chuigéal a eagrú.

Éist anois

Pádraic Ó Conaire, Chomhairle Chonnacht den Chumann Lúthchleas Gael.

Tá Coiste Cóitseála na Gaillimhe i gcomhar leis an gCumann Lúthchleas Gael, ag eagrú comhdháil leanaí an deireadh seachtaine seo in Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe is Maigh Eo.

Éist anois

Breandán Ó Scanaill, ó Raidió Pobal Chonamara.

Beidh stáisiún Raidió Pobail Chonamara ag lainseáil an dlúthdhiosca 'Come by The Hills' tráthnóna Dé Luain seo chugainn in Óstán Foyle i gClochán. Tá ealaíontóirí aitheanta chomh maith le hamhránaí agus ceoltóirí as Conamara nár taifeadadh riamh cheana le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo.

Éist anois

Beartla M Ó Flatharta, léiritheoir stáitse.

Tá scoláirí i nGaelcholáiste Chomáin i Ros Dumhach in iarthuaisceart Mhaigh Eo ag fáil faoi réir le riar siamsaíochta atá curtha le chéile acu féin a chur ar stáitse in Áras Inis Gluaire ag a 8 a chlog anocht.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal