Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 20 Márta 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Mícheál Ó Maoláin, as an Aird Mhóir & Mairéad Uí Chuaig.

Tá trí chreatlach daonna faighte ar Chrua na Cara nó ar Oileán Mhic Dara, oileán beag atá amach ón Más in Iorras Aithneach. Is mar gheall ar na stoirmeacha móra a bhí againn le trí mhí anuas a nochtaíodh na taisí seo.

Pádraic Pheaitín an Tailliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe & Máirín Mhic Lochlainn, iarrthóir Shinn Féin sna toghcháin áitiúla.

Pádraic Pheaitín an Tailliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe & Máirín Mhic Lochlainn, iarrthóir Shinn Féin sna toghcháin áitiúla.

Chas ionadaí Shinn Féin a bheas mar iarrthóir sna toghcháin don Aontas Eorpach Matt McCarthy le h-ionadaí ó Ghlór na Tuaithe i Ros a' Mhíl inné, le pléigh a dhéanamh ar na cúrsaí atá ag cur imní ar mhuintir an cheantair.

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

Tá sé i gceist ag coiste ionad cuimhneacháin na n-imirceach in Iorras Aithneach taisceadán cuimhneacháin a chur faoi thalamh ag suíomh an ionaid nuair a bheas an obair tógála ar bun ansin. Tá siad ag réiteach an bhealaigh le haghaidh na hoibre ar an ionad faoi láthair.

Pól Ó Dochartaigh, meabhránaí nua, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tháinig Pól i gcomharba ar an meabhránaí Nollaig Mac Conghail in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag tús na míosa seo. 

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís