Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Céadaoin 19 Márta 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Máire Ní Chonchubhair, leasphríomhoide Choláiste Chroí Mhuire agus traenálaí na foirne cispheile.

Máire Ní Chonchubhair, leasphríomhoide Choláiste Chroí Mhuire agus traenálaí na foirne cispheile.

Ag labhairt faoi gur bhain cailíní cispheile faoi shé mbliana déag, as Coláiste Chroí Mhuire an Spidéal an bua amach ag cluiche ceannais cispheile na hÉireann inné i dTamhlacht. 

Ríonach Ní Ógáin, Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath.

Ríonach Ní Ógáin, Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear léacht ar bun i Músaem Cathrach na Gaillimhe san oíche amárach a mbeidh spéis faoi leith ag muintir na mbád ann. Is iad na hamhráin atá bainteach leis na bád a bheas faoi chaibideal.

Seosamh Ó Cualáin, cathaoirleach an fhochoiste atá ag breathnú i ndiaidh reilig Leitir Móir na Coille.

Seosamh Ó Cualáin, cathaoirleach an fhochoiste atá ag breathnú i ndiaidh reilig Leitir Móir na Coille.

Tá sé tugtha le fios ag an gcoiste atá ag plé le reilig Leitir Móir na Coille go bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe ag tarraingt na gcos faoin obair atá le déanamh ar an reilig ansin. Labhair sé chomh maith ar an scéal is deireanaí faoin mbriogáid dóiteán do cheantar Chonamara.

Sarah Nic Dhonnchadha, comhordaitheoir Gníomhach le hionad Oiliúna agus Breis Oideachais i Ros Muc.

Sarah Nic Dhonnchadha, comhordaitheoir Gníomhach le hionad Oiliúna agus Breis Oideachais i Ros Muc.

Tá Cúrsa sna Meáin ag tosú in Ionad Oiliúna agus Breis oideachais i Ros Muc. Beidh an cúrsa seo saor in aisce dóibh siúd atá dífhostaithe. Is cúrsa píolótach páirtaimseartha atá anseo agus tá spás air do cheithre dhuine dhéag.

Cliodhna Standún, ó Shiopa Standún sa Spidéal.

Cliodhna Standún, ó Shiopa Standún sa Spidéal.

Cuirfidh network Galway a gcéad seo faisin ar siúl Déardaoin seo chugainn in Óstán an Ardilaun i nGaillimh. Is ar mhaithe leis an eagraíocht COPE atáthar ag reáchtáil na hócáide agus ar cheann de na gnóanna a bheas ag tabhairt a gcuid éadaí le haghaidh na hócáide tá Siopa Standún sa Spidéal.

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, ó Phastime Chonamara.

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, ó Phastime Chonamara.

Tar éis thaispeántas imeachtaí Phastime Chonamara sa gCrannóg i Ros Muc an tseachtain seo caite, socraíodh club ceardaíochta na Crannóige a bhunú i gcomhar le Pastime Chonamara le roinnt imeachtaí de chuid na heagraíochta sin a reáchtáil ann.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís