Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 13 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Morgan Ó Conchubhair, cathaoirleach na heagraíochta Bealach.

Is cosúil gur Bealach na Gaillimhe a thabharfar feasta ar an eagraíocht taisteal tuaithe, Bealach, má thugann an tÚdarás Náisiúnta Taistil, a mbeannacht don socrú sin.

Éist anois

Pádraic S. Ó Murchú, ó Turas Siar.

Beidh teacht le chéile Dé Sathairn ar an leithinis ar an bhFód Dubh in iarthuaisceart Mhaigh Eo mar chuid de sheachtain na Gaeilge sa taobh tíre sin. Mar chuid den teacht le chéile, tá sé i gceist go mbeadh díospóireacht faoi staid na Gaeilge sa gceantar san ionad oidhreachta, Turas Siar.

Éist anois

Seán Bán Breathnach.

Is é inniu an tríú lá ó thaobh na rásaíochta ag féile Cheltenham, agus daoine as an tír seo ag súil go mbeidh lá níos fearr inniu acu.

Éist anois

Colm Mac Donnacha, as an Aird Thiar, Carna.

Tá Colm ag caint ar an stoirmeacha móra a tháinig sa bhliain 1926, 1951 agus 'Debbie' ag tús na seascaidí.

Éist anois

Peadar Ó Loideáin, príomhoide Ghairmscoil na bPiarsach, Ros Muc.

Tá scoláirí Ghairmscoil na bPiarsach i Ros Muc ag léiriú ceoldráma i gColáiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh tráthnóna inniu ag 7 i.n. ''Ros Muc na Rún'' ainm an cheoldráma bunaithe ar ndóigh ar Ros na Rún.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal