Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 12 Márta 2014

Éist anois

Anne Kearns, auntín le Ryan Croker as Maigh Cuilinn.

Tá Ryan Croker as Maigh Cuilinn fós go dona tinn san Astráil tar éis timpiste i linn snámha ag tús na bliana. Chuir Anne síos do Pheadar ar mar atá ag éirí le Ryan faoi láthair.
Éist anois

Aodhán Ó Deá, comhordnaitheoir mac léinn le eagraíochta éagsúla - Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Comhluadar.

Tá snámh urraithe á eagrú ag Aodhán ar mhaithe lena chara Pádraig a gortaíodh go dona i dtimpiste bhóthair an samhraidh seo caite agus atá gan aithne gan urlabhra ó shin.
Éist anois

Seán Bán Breathnach.

Is é inniu an dara lá ag féile rásaíochta Cheltenham thall ansin i Prestbury Park.
Éist anois

Cóil Bán Breathnach, as an gCathair, Coill Rua ó dhúchais. RIP.

Cuirfear Cóil Bán Breathnach as an gCathair i gCoill Rua ó dhúchais, i gcré na cille inniu. Bhí Cóil Bán i bhfoisceacht dhá mhí den chéad nuair a bhásaigh sé i Potter's Bar, Herfordshire, seachtain ó Dé Domhnaigh seo caite.
Éist anois

Nuala Ní Chonghaile, saineolaí garraíodóireachta.

Bhuel, tá an lá ag dul chun síneadh ar deireadh agus é beagán níos éasca an láí a chur i dtalamh agus tosú ag cuimhneamh ar a bheith ag socrú agus ag cuartú síolta. Is iomaí cineál oibre le déanamh tar éis geimhreadh fliuch báite atá caite aige agus tá Nuala ag tabhairt eolais faoi céard is féidir a dhéanamh sa ngarraí faoi láthair.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal