Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 11 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Anna Ní Chartúir & Odí Ní Chéilleachair, iarrbhaill d'eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Bhí thart ar cheithre scór nó mar sin i láthair ag cruinniú na hoíche aréir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Pléadh na heasnaimh atá sa gcóras oideachais do lucht Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge.

Éist anois

Barry Ó Fátharta, Cathaoirleach Coiste Pobail Ros a' Mhíl.

Bhí cruinniú cinn bhliana Choiste Pobail Ros a' Mhíl ar siúl aréir agus pléadh an cor is deireanaí i scéal an chosáin coisithe i Ros a' Mhíl. Chuir Barry síos ar go leor eile a pléadh ag cruinniú na hoíche aréir.

Éist anois

Seosamh Ó Laoi, Comhairleoir Contae.

Bhí Seosamh ag tabhairt soiléirithe faoin airgead atá le caitheamh ar bhóithre sa taobh tíre seo a ndearna an drochaimsir dochar dóibh.

Éist anois

Micheál Mac Donnacha, an tOifigeach Faisnéise Saoránaigh.

Ag cur síos ar ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialaigh.

Éist anois

Seán Bán Breathnach.

Tá SBB thall i Cheltenham faoi láthair áit a bhfuil seachtain mhór rásaí na bliana ag tosú ansin inniu.

Éist anois

Seán Ó Ceallaigh, ó Ghael Linn.

Beidh féile bhliantúil Choirm Ghael Linn ar siúl in Amharclann na Cathrach, Gaillimh amárach agus Déardaoin. Tá go leor de bhunscoileanna Chonamara ag glacadh páirte, mar aon le scoileanna ó chontae na Gaillimhe go ginearálta.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal