Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 10 Márta 2014

Éist anois

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae.

Bhí an comhairleoir contae, Seán Ó Tuairisg ar dhuine de na comhairleoirí contae a bhí in Inis Mór an tseachtain seo caite agus iad ag caitheamh súl ar an damáiste atá déanta ag an drochaimsir ansin. Tá daoine sa gceantar nach bhfuil in ann aon ola a fháil agus tá cúrsaí bruscair agus athchúrsála ina gcíor thuathail in Inis Mór faoi láthair.

Éist anois

Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Is ag caint faoin tinneas ''Anorexia Nervosa'' a bhí Máirín inniu. Is tinneas é seo a mbíonn duine go síoraí ag faire céard a itheann siad, ag déanamh aclaíochta go seasta agus fiú amháin daoine atá go dona leis an tinneas seo tugann siad ocras dóibh féin.

Éist anois

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tá sé i gceist cúrsa ríomhaireachta a chur ar fáil sa Spidéal gan mórán achair do dhaoine nach bhfuil mórán cleachtaidh acu a bheith ag plé le ríomhairí. Bheadh an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine atá ag obair i bpobail tuaithe, nó do dhaoine atá dífhostaithe nó ag obair go páirtaimseartha.

Éist anois

Féilim Mac an Iomaire, ón gcomhlacht geallghlacadóireacht Paddy Power & Seán Bán Breathnach.

Amárach a chuirfear tús le féile mhór rásaíochta na gcapall i Cheltenham Shasana. Tá luach céad euro geallta á mbronnadh ar ár gcuid éisteoirí ag an gcomhlacht geallghlacadóireachta Paddy Power.

Éist anois

Mícheál Ó Domhnaill, ón gcomhlacht Fíbín.

Tá Fíbín Teo, i mbun sraith cláracha do ghasúir agus tá siad ag cuartú aisteoirí óga sa taobh seo tíre.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal