Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 7 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Mairéad Ní Chualáin, Iar Chathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tionólfar cruinniú poiblí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua oíche Dé Luain seo chugainn chun ceist oideachas na Gaeltachta a phlé. Tá deireadh curtha le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ó dheireadh na bliana seo caite.

Éist anois

Ríona Ní Chonghaile, as an Más i gCarna.

Tá tithe lóistín ag Ríona ag céibh an Mhása, taobh thiar de Charna, agus réabadh an bóthar isteach ag a teach nuair a bhí an droch aimsir ann.

Éist anois

Odí Ní Chéilleachair & Máire Ní Chualáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara. Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge, stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha agus cruinneas teanga.

Éist anois

Seán Ó hÉanaigh, eagarthóir stiúrtha na gclár.

Ag cur síos ar an gcoirm cheoil mhór a bheas RTÉ Raidió na Gaeltachta a thaifeadadh sa Forge i Maigh Cuilinn san oíche amárach agus a bheas á chraoladh ar an stáisiún seo oíche Lá Fhéile Pádraig.

Éist anois

Róisín Nic Aodhgáin, Niamh Ryan agus Nicole Ní Laochdha, mic léinn as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh & Maighréad Ní Chualáin.

Léireoidh mic léinn as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leagan den dráma ''Electra'' a scríobh an scríbhneoir ársa Gréigeach, Sophocles, na cianta cairbreacha ó shin. Is é an drámadóir mór le rá, Frank McGuinness, a chóirigh an leagan seo den dráma, dráma nár cuireadh ar stáitse in iarthar na hÉireann riamh roimhe seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal