Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 6 Márta 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn & Seán Ó Cuirreáin, Iar-Choimisinéir Teanga.

Bhailigh maithe agus móruaisle na Gaeilge le chéile in Áras an Uachtaráin tráthnóna inné ag an bhfáiltiú oifigiúil a d'eagraigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn in onóir Sheáin Uí Chuirreáin a d'éirigh as a phost mar Choimisinéir Teanga seachtain ó Dé Domhnaigh seo caite.

Éist anois

Daithí Ofeldt, ón gcomhlacht ISBF & Beartla Beatty, iaroibrí ar an MV. Naomh Éanna as Cill Rónáin.

Tá plean gnó curtha le chéile ag an gcomhlacht ISBF le haghaidh an bád farantóireachta MV Naomh Éanna a shábháil agus gan í a scrios.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

I bpíosa an lae inniu chuala muid Máirtín Jaimsie ag aithris seanchas Thomais Laighléis, as Mionlach.

Éist anois

Eugene Ó Coistealbha, mac léinn as Luimneach.

Tá Eugene ag déanamh dianstaidéir in Iorras Aithneach faoi láthair ar an nós feirmeoireachta a bhíodh ann san am atá caite, ina mbíodh daoine ag fosaíocht a gcuid beithíoch amuigh ar an sliabh. Tá sé ag diriú ar thrí cheantar sa tír, Galtee Mountains, Iorras Aithneach agus Gleann Cholm Cille.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal