Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Céadaoin 5 Márta 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

An tAthair Micheál Ó Braonáin, Sagart Paróiste Leitir Móir.

An tAthair Micheál Ó Braonáin, Sagart Paróiste Leitir Móir.

Ag labhairt ar Chéadaoin na Luaithrigh agus tús á chur leis an gCarghas, an tréimhse ceathracha lá a ndéanann daoine troscadh agus tréanas agus iad ag réiteach don bhféile is mó i saol na Críostaíochta, an Cháisc.

Seán Ó Cearbhaill, dlíodóir.

Seán Ó Cearbhaill, dlíodóir.

Is ar bhulaíocht sa láthair oibre atá Seán ag caint inniu. Is iomaí cineál bulaíochta ann agus chuir sé síos ar an gcineál is mó a bheadh luaite leis an láthair oibre.

Máire Uí Neachtain, ball den eagraíocht Croílíne.

Máire Uí Neachtain, ball den eagraíocht Croílíne.

Beidh a gcruinniú cinn bhliana ag an eagraíocht Croílíne i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal anocht. Tá dífhibrileoirí curtha i gcuid mhaith ceantar anoir le cósta ag an eagraíocht le tamall anuas.

Keywords

Domhnall Ó Confhaola, as Gleann Chatha, Ros Muc.

Domhnall Ó Confhaola, as Gleann Chatha, Ros Muc.

Beidh Domhnall ar dhuine de na ''Mascots'' a bheidh le foireann sacair na hÉireann anocht nuair a bheidh siad in aghaidh na Seirbe i Stáid Aviva. Ghlac Domhnall páirt sa gclár ''Late Late Toy Show'' roimh na Nollag, áit ar chas sé le imreoir sacair na hÉireann Robbie Keane.

Máirtín Ó Maoilchiaráin, as Maigh Cuilinn.

Máirtín Ó Maoilchiaráin, as Maigh Cuilinn.

Tá Máirtín tar éis craobh domhanda liathróid láimhe na gColáistí a bhuachan don tríú bliain as a chéile, agus is é an chéad Éireannach i seasca dó bliain de chomórtas an USHA chun an t-éacht seo a bhaint amach. Is i Raleigh, príomh chathair North Carolina a bhí an comórtas ar siúl an tseachtain seo caite.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís