Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 3 Márta 2014

Éist anois

Seán Kyne, TD.

D'fhógair an tAire Comhshaoil Pobail agus Rialtas Áitiúil, Phil Hogan go bhfuil 9.491 milliún le caitheamh anseo i nGaillimh mar gheall ar an damáiste uilig atá déanta ag an stoirm agus an droch aimsir ar bhóithre, ar chéibheanna agus ar thithe príobháideach.
Éist anois

Máire Ní Chualáin, ó Choiste Eagarthóireachta Iris Leabhar na Ceathrún Rua.

Tá Iris Leabhar na Ceathrún Rua ar an margadh an tseachtain seo agus scéalta agus pictiúir go leor inti ó cheantar na Ceathrún Rua chomh maith le píosaí filíochta agus go leor eile. Tá sí le fáil sna siopaí ar fad thart san gceantar.
Éist anois

Tadhg Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach an Iarthair Údarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú Boird ag Údarás na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua Dé hAoine seo caite agus cuireadh in iúl go mbeidh laghdú do 400,000 míle euro ar bhuiséad na bliana seo.
Éist anois

Fiach Mac Fhionnlaoich, Máirín Ní Mhainnín, Sorcha Ní Riain, Ruairí Ó Néill, Mairéad Ní Ghiollúin & Caoimhe de Búrca.

D'eagraigh Comhar Creidmheasa Cholm Cille mar aon le Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne agus Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair comórtas fiontraíochta do mhic léinn meánscoile.
Éist anois

Gearóid Ó Murchú, ón Spailpín Fánach.

Bhí Gearóid ag cur síos ar cé chomh gnóthach agus atá siad i Siopa an Spailpín Fánach na laethanta seo agus seachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraic ar leic an dorais againn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal