Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 28 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Gabriel Ó Fátharta, ón gcomhlacht 'Cáis Gabhair Árann'.

Tá Gabriel thar a bheith clamhsánach faoin drochbhail atá fós fágtha ar bhóthar na farraige ar an oileán. Chuir sé síos do SBB ar a chuid taistil go Dubai agus ar Chósta na hAfraice.

Éist anois

Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Seachtain na Gaeilge.

Tá tús á chur le Seachtain na Gaeilge amárach agus beidh go leor imeachtaí ar siúl ag grúpaí i gConamara agus timpeall Chontae na Gaillimhe. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge.

Éist anois

Lochlann Ó Tuairisg.

Tá cheithre chéad amhrán traidisiúnta ar an sean-nós sa mbailiúchán i Leabhar Mhór na nAmhrán agus inniu tá Lochlann ag cur síos ar chúlra an amhráin ''Lá Fhéile Cáilín''.

Éist anois

Ailish Bhreathnach, Teagascóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Tá go leor cainte le roinnt seachtaine ar an bhfearg atá ar lucht na Gaeilge agus an chaoi a bhfuiltear ag caitheamh leis an nGaeilge. Níor thóg sé i bhfad gur thosaigh na litreacha binbeacha in aghaidh na teanga. Bhí ceann san Irish Times cúpla lá ó shin ó Éanna Coffey, ach má bhí, fuair sé freagra in Irish Times an lae inné ó Ailish.

Éist anois

Aoife Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá 35,000 euro bailithe ag grúpaí ollscoile ar fud na tíre seo do charthanachtaí faoi leith. Thug siad orthu féin a dhul thimpeall na cruinne taobh istigh de 36 uair a chloig agus gan cead acu pingin rua dá gcuid airgid féin a chaitheamh.

Éist anois

Máire Ní Chualáin, ó Ionad Cúram Leanaí Charna.

Tá ceardlann damhsa ar an sean-nós dhá reachtáil mar pháirt do sheirbhís Iarscoile san Ionad Cúram Leanaí i gCarna do ghasúir idir cheithre bliana agus cheithre bliana déag d'aois. Ní chaithfidh na páistí a bheith ag freastal ar an tseirbhís iarscoile chun freastal ar na ceardlainn damhsa.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal