Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 25 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Peadar Ó Cualáin, Pádraic Ó Céidigh; Gearóid Ó Murchú & Paula Ní Loideáin.

Ba é méara na cathrach, Pádraig Conneely, a sheol an feachtas margaíochta West Expo in Óstán an Meyrick i gcathair na Gaillimhe aréir. Bhí Peadar i láthair ag an seoladh agus labhair sé le roinnt daoine.

Éist anois

Mícheál Ó Clochartaigh, as Carna.

Tá Micheál ag glacadh páirte i ndúshlán trí mharatón i dtrí thír dhifriúl i dtrí seachtaine, beidh ceann i gConamara, ceann i Londain agus ceann eile i mBoston. Is ar mhaithe le hairgead a bhailiú do d'fheachtas chiste Katie O'Halloran atá Micheál ag déanamh an dúshláin seo.

Éist anois

Pat Ó Conghaile, Pat Khate Cheoinín as Leitir Ard, RIP & Seosamh Ó Cuaig.

Seo píosa cainte a rinne Pat le Seosamh Ó Cuaig ar an 8 Lúnasa 2005 agus é ag cur síos ar an am a raibh sé in Arm na Breataine agus é ar dualgas amuigh sa Mheán Oirthear. Bhásaigh Pat an tseachtain seo caite agus cuireadh i gcré na cille i Reilig Mhaorais é Dé Sathairn.

Éist anois

Lochlainn Ó Tuairisg, duine d'eagarthóirí ''Leabhar Mór na nAmhrán'' & Máirín Nic Con Iomaire.

Tá ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge ar an sean-nós, ó cheann ceann na tíre sa mbailiúchán breá i Leabhar Mór na nAmhrán agus ceann acu sin ''Eascann Bhaile na hInse''. 

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal