Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 24 Feabhra 2014

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga agus Fionnuala Uí Neachtain.

Chruinnigh beagán faoi bhun míle duine taobh amuigh d'oifig an choimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena mbuíochas a chur in iúl dó mar gheall ar a chuid dúthrachta i leith na Gaeilge agus le slán a fhágáil aige ar a lá deiridh mar choimisinéir teanga.

Éist anois

An Dr. Ciara Breathnach, Léachtóir i Roinn na Staire, Ollscoil Luimnigh.

Beidh Ciara ag tabhairt léacht ar an gCeathrú Rua anocht faoi Bhord na gCeantar Cúng.

Éist anois

Darach Ó Tuairisg, ón gComhlacht Fíbín.

Beidh an comhlacht amharchlannaíochta agus puipéad, Fíbín, ag tabhairt a n-aghaidh ar Nua Eabhrac an tseachtain seo agus iad ag cur seó dá gcuid ar siúl i leabharlann phoiblí Nua Eabhrac ansin.

Éist anois

Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan.

Fograíodh i lár mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta ag Roinn na Gaeltachta gan aon íocaíocht laethúil a thabhairt do theaghlaigh, a mbíonn os cionn dhá dhuine dhéag de Ghaelgóirí iontu. Scríobh Micheál chuig an Aire Jimmy Deenihan roinnt seachtainí ó shin ag iarradh air athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo.

Éist anois

Máirtín Ó Flatharta, ón gcomhlacht caisleáin M & M i Leitir Móir.

Is comhlacht nua é Caisleáin M&M, a chuireann caisleáin spraoi agus cultacha ar fáil i gceantar Chonamara ar fad agus i gcathair na Gaillimhe.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal