Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 21 Feabhra 2014

Éist anois

Maidhc Ó Curraoin, rúnaí coiste Chomhairle Ceantar na nOileán.

Tá na droichid i gceantar na nOileán i measc na n'áiteanna a bhfuil sé molta stádas caomhnaithe a thabhairt dóibh, i ndréachtphlean forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021. D'fhéadfadh stádas caomhnaithe moill agus costas mór a chur ar an obair chóirithe a theastaíonn a dhéanamh go géar ar na droichid seo.

Éist anois

Barry Ó Fátharta, Cathaoirleach Coiste Pobail, Ros a Mhíl.

Tá cruinniú Cinn Bhliana Choiste Páirce Ros a'Mhíl le bheith ar siúl anocht. Súil acu tuilleadh daoine a fháil ar an gcoiste. Thug sé le fios go bhfuil úsáid go leor á bhaint as an bpáirc faoi láthair ag foirne ó Chonamara ar fad.

Éist anois

Cian Ó Cuinn, Leitir Móir; Seosamh Mac Donnacha, an Tuairín; Colm de Buitléir, an Cheathrú Rua & Johannas Ó Coistealbha, an Spidéal.

Tá an ceathrar acu seo ar fhoireann Rugbaí faoi aois Chonnacht agus chuir an ceathrar acu síos air do Sheán Bán.

Éist anois

Leon Mac Lochlainn, as Cois Fharraige.

Thug Leon le fios nuair a chuaigh sé chomh fada le hoifig an phoist nach raibh aon dole le fáil aige. Chaith sé a dhul chomh fada le hoifig na Roinn Leasa Shóisialaigh i nGaillimh mar nach bhfuil aon oifig acu i gConamara anois. Dúirt Leon go raibh sé ag beartú dul ar stailc ocrais mura mbeadh a chuid liúntas leasa shóisialaigh le fáil aige.

Éist anois

Diarmaid de Faoite, aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir.

Beidh tús á chur le sraith scéalaíochta i dTaibhdhearc na Gaillimhe ag am lóin amárach agus is é Diarmaid a bheidh i mbun scéalaíochta.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal