Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 19 Feabhra 2014

Éist anois

Dara Ó Maoldhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Árann.

D'fhógair Údaras Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, nó an SEAI, le gairid go bhfuil scéim á seoladh anois acu a dhéanfadh maoiniú ar theas a shábháil i bhfoirgnimh, is é sin insliú níos fearr a chuir orthu. De réir na scéime seo beidh 13.5 milliún ar fáil agus tá an SEAI ag lorg iarratas ina leith as seo go deireadh mhí Aibreáin.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Tá Máirtín ag aithris píosa eile as leabhar Mháire Pheaits Mhóir Uí Churraidhín as Aill an Phréacháin inniu.

Éist anois

Mairéad Uí Dhomhnaill, ó Forum Chonamara.

Tá Forum Chonamara ag eagrú seiminéair eolais do fheirmeoirí maidir le ''Sábháilteacht Feirme'' i dhá cheantar i gConamara.

Éist anois

Jimmy O'Brien Moran, píobaire.

Chuala Jimmy trácht ar an bpíobaire iomráiteach, Paddy Conneely as an gCaisleán Nua i nGaillimh le linn staidéir a bhí ar bun aige. Mhair Paddy Conneely le linn aimsir an drochshaoil agus bhí meas ag uasal agus íseal ar a chuid píobaireachta. Tá dlúthdhiosca nua amuigh ag Jimmy O'Brien Moran. 

Éist anois

Caitlín Nic Dhonncha, úinéir Corrib Princess.

Tá ocht milliún euro nó mar sin le caitheamh ag Fáilte Éireann ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin, mar atá á thabhairt ar an mbealach ar fad anuas an cósta thiar Dhún na nGall go dtí an deisceart. 

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal