Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 18 Feabhra 2014

Éist anois

Tomás Ó Fátharta, urlabhraí chumann na bhfeilimeoirí.

Tá praghas beithíoch tite go damanta le scaitheamh anuas rud atá ag déanamh imní do fheirimeoirí ar fud na tíre. Chomh maith leis sin seans go mbeidh costas breise ar fheirimeoirí a chaill talamh nó a bhfuil a gcuid talún scriosta de bharr na stoirmeacha.
Éist anois

Séamus Ó Beirne, mír sláinte.

Tá an dochtúir Ó Beirne ag cur síos ar strus agus míshuaimhneas ar maidin.
Éist anois

Seán Ó Máinín, dornálaí; Michael Newell, as Ros Muc ó dhúchas & Rónán Mac Con Iomaire, údar an leabhair, Rocky Ros Muc.

Seoladh an leabhar Rocky Ros Muc a scríobh Rónán Mac Con Iomaire an tí seo i mBoston Mheiriceá Dé Sathairn seo caite. Is é comrádaí mór an Mhainnínigh, Michael Newell, a rinne an seoladh i dteach ósta ''An Goalpost'' i Quincy, Boston. Labhair Rónán le Seán agus Michael faoin leabhar ag an ócáid oíche Dé Sathairn.
Éist anois

Pádraic Ó Cartúir, leabharlannaí an Spidéil.

Tá Pádraig Ó Cartúir as Muicineach idir Dhá Sháile, ceaptha ag Comhairle Contae na Gaillimhe, mar leabharlannaí sa Spidéal. Chuir sé síos ar a chuid taistil agus a chuid oibre do SBB.
Éist anois

Pádraic Ruairí Beag Ó Fátharta, as Inis Meáin & Séamus Jaimsie Ó Flaithearta, as Inis Mór.

Tá conspóid tarraingthe ag an bplean atá ag an eagraíocht Uiscebhealaí Éireann an bád farrantóireachta MV Naomh Éanna a scrios. Chuir an bheirt acu síos ar a gcuid cuimhní cinn ar an Naomh Éanna.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal