Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 17 Feabhra 2014

Éist anois

Peadar Ó Cualáin, léiritheoir; Máirín Uí Thuairisg; Pádraic Ó hÉalaí & Treasa Ní Cheannabháin.

Thug na mílte daoine ó cheithre hairde na hÉireann a n-aghaidh ar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite ag léirsiú ag Cearnóg Pharnell lena míshásamh a chur in iúl faoin mbealach a gceapann siad an rialtas a bheith ag caitheamh le pobal na Gaeilge. Labhair Peadar le roinnt daoine a bhí i láthair.
Éist anois

Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Le cúpla seachtain is léir gur in olcas atá cúrsaí óil ag dul agus an chaint ar fad faoin NECKNOMINATION seo agus na contúirtí a bhaineann leis. Chuaigh Bairbre Uí Choistealbha amach agus labhair sí le daoine óga agus le tuismitheoirí faoi. Thug Máirín léargas níos doimhne dúinn faoin nós nua óil seo.
Éist anois

Pat Seoighe & Aisling Ní Fhiannachta, atá ag déanamh Céim BA sa gcumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

D'oscail an 'Siopa Beag', siopa carthanachta ar mhaithe le hIonad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua i mí na Samhna seo caite. Tá an siopa in aice leis an gComhar Creidmheasa ar an gCeathrú Rua. Tá Pat agus Aisling ag obair go deonach sa siopa mar chuid dá gcúrsa ''Foghlaim sa bPobal''.
Éist anois

Pádraic Pheaitín a'Tailliúra Ó Conghaile, Cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Ní mó ná sásta atá an eagraíocht Glór na Tuaithe faoi na hathruithe suntasacha atá le cur ar na dindiúirí a bheas ag baint feasta le cúrsaí cead pleanála le tithe a thógáil, ón gcéad lá de Mhárta ar aghaidh.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal