Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 13 Feabhra 2014

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga & Seán Ó Coistealbha, príomhoifigeach Mhuintearas.

Ag cruinniú a bhí aréir san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh faoin bpleanáil teanga atá beartaithe do limistéar Chois Fharraige, tháinig grúpaí pobail sa gceantar le chéile le tabhairt faoin iarratas atá le bheith istigh ag Údaras na Gaeltachta roimh an 14ú Márta.
Éist anois

Evan Ó Dilliúin; Sadhbh Ní Flaithearta; Orlaith Ní Churraoin; Grace Nic Craith & Fearghas Mac Lochlainn.

Bhain scoláirí as Scoil Sailearna agus Scoil Éinne, An Spidéal duaiseanna amach i gCraobh Chonnacht Liathróid Láimhe Chumann na mBunscoil ar an deireadh seachtaine. Chuir Fearghas síos ar an gcomórtas do Bhairbre agus chomh maith agus a d'éirigh leo agus an obair a chuireann siad isteach sa traenáil.
Éist anois

Éamonn Ó Cualáin, ón gcomhlacht Sónta.

Tá scéal Katie O'Halloran ar eolas ag cuid mhaith daoine de bharr an méid oibre atá déanta ag an gcoiste ansin le haghaidh maoiniú a bhailiú, ionas go mbeidh deis ag Katie lámha bebionic a fháil. Tá Éamonn agus an comhlacht Sónta Teo le clár fáisnéise a dhéanamh faoin bhfeachtas agus chuir sé síos ar do Pheadar ar maidin.
Éist anois

Anne McCabe, stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.

Tá Taibhdhearc na Gaillimhe le clár d'imeachtaí a sheoladh ar an Luan seo chugainn, clár imeachtaí spleodracha, spraíúla a dhéanfaidh freastal ar an bpobal trí chéile.
Éist anois

Noeleen Ní Cholla, Oifigeach Forbartha Cholmcille, Foras na Gaeilge.

Is comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus Bord na Gaidhlig is é Scéim Cholmcille, a chuireann chun cinn úsáid Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. Is é 21 Feabhra an spriocdáta le cur isteach ar an scéim seo.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal