Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Dé Céadaoin 12 Feabhra 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Beartla Beatty, iaroibrí ar an MV. Naomh Éanna as Inis Mór.

Tá conspóid tarraingthe ag an bplean atá ag eagraíocht Uiscebhealaí Éireann (Waterways Ireland) an bád farrantóireachta MV. Naomh Éanna a scrios. Bhí an Naomh Éanna in úsáid mar bhád farantóireachta don tseirbhís as Gaillimh go hÁrainn óna blianta 1958 agus 1986.

Seán Ó Cearbhaill, dlíodóir.

Tá Seán ag cur síos ar na dualgais atá ar thiarnaí talún agus ar thineontaithe ar maidin. Tá cuid mhaith athruithe déanta le riar blianta ar na rialacha atá i gceist do dhaoine atá ag ligean tithe, agus go deimhin tá dualgais freisin ar na tineontaithe.

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Bhí Máirtín ag cur síos ar litir a fuair sé ón gCoimisinéir Teanga. Bhí sé ag cur síos ar oíche na gaoithe móire freisin. D'aithris sé an dán Oíche na Gaoithe Móire chomh maith.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís