Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 11 Feabhra 2014

Éist anois

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae.

Tá athruithe suntasacha le cur ar na dindiúirí a bheas ag baint le cúrsaí cead pleanála le tithe a thógáil, ón gcéad lá de Mhárta ar aghaidh.
Éist anois

Micheál Mac Donnacha, oifigeach Faisnéise do Shaoránaigh.

Tá muid ag dul ag caint ar maidin ar dheontais atá ar fáil le caoi a chur ar thithe. Tá deontais tithe ar fáil a bhaineann go speisialta le daoine aosta agus le daoine le míchumas agus chuir Micheál síos ar na rialacha a bhaineann leo.
Éist anois

Máire Áine Gardiner, Oifigeach Turasóireacht an Iarthair le Fáilte Éireann.

Reáchtáilfear dhá chruinniú i gConamara san oíche amárach ag a dtabharfar tuilleadh eolais faoi Bhealach Fiáin an Atlantaigh, is é sin an turas tiomána síos le cósta an Atlantaigh ó Dhún na nGall go hIarthar Chorcaigh.
Éist anois

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Seolfaidh an comhlacht Futa Fata dhá leabhar nua Gaeilge do ghasúir i seanscoil Sailearna in Indreabhán tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn agus tá siad le camchuairt beag a dhéanamh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge chomh maith.
Éist anois

Jackie Mac Donnchadha, scríbhneoir & Paddy Ó Súilleabháin, as Loch Con Aortha.

Tá Pléaráca Teoranta ag cur tús le Ceardlanna Scríbhneoireachta san Ionad Fiontair i Ros Muc anocht. Is é Jackie atá i mbun na ranganna agus tá taithí na mblianta aige ag cur pinn le pár. Tá roinnt píosaí cumtha ag Paddy é féin le roinnt blianta agus beidh sé ag freastal ar an gceardlann.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal