Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 10 Feabhra 2014

Éist anois

Mairéad Ní Chualáin, cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Bhí cruinniú cinn bhliana Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar siúl Dé Sathairn seo caite agus chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an ceann deiridh acu, mar go bhfuil deireadh curtha leo ó dheireadh na bliana seo caite.
Éist anois

Marianne Ní Chinnéide, léachtóir dramaíocht i Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chuir Marianne síos ar an séasúr drámaíochta a bheidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a reachtáil as seo go dtí mí Aibreáin.
Éist anois

An tAthair Máirtín Ó Loideáin, as Seanamhóinin ó dhúchas.

Chuala muid an comhrá a rinne an tAthair Máirtín le Seán Ó Tuairisg agus a craoladh ar an stáisiún an lá ar oscail sé den chéad uair ar an 2 Aibreán, 1972.
Éist anois

Nuala Ní Chonghaile, urlabhraí leis an eagraíocht, Titeamas na hÉireann.

Is é inniu lá na hEorpa ina dtugtar aitheantas do dhaoine a bhfuil titeamas ag dul dóibh. Meastar go bhfuil os cionn 36,000 duine atá le cois cúig bhliana d'aois a bhfuil titeamas ag dul dóibh in Éirinn. Tá daoine ann thar a chéile a fhaigheann taomanna den ghalar.
Éist anois

Proinsias Ó hAilín.

Is mór an gceist cluichí ríomhaireachta sa lá atá inniu ann agus an tábhacht atá ag baint leo ó thaobh cruthú fostaíochta, ach ní minic a chloiseann muid go bhfuil a leithéid ar fáil i nGaeilge. Tá forbairt déanta ag fear as an Spáinn atá ina chonaí i gContae na Mí ar cheann de na cluichí seo agus é bunaithe ar fhinscéal Chúchulainn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal