Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 7 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Ó Coistealbha, Príomhoifigeach Muintearsas na nOileán.

Tá éacht déanta ag daoine óga i gCeantar na nOileán faoi stiúir na heagraíochta oideachais, Muintearas, mar gheall ar an ngearrscannán breá faoi úsáid uisce atá déanta acu. Is scoláirí as Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin agus na Trá Báine a rinne an gearrscannán.

Éist anois

Anne Kearns, aintín le Ryan Croker as Maigh Cuilinn & Darina Nic an Iomaire, príomhoide i nGaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach.

Tá fear óg as Maigh Cuilinn go dona tinn san Astráil théis timpiste i linn snámha. Chuaigh Ryan Croker ar imirce go Perth na hAstráile trí bliana ó shin. Tá feachtas bailiúchán airgid curtha ar bun anois le airgead a bhailiú le cuidiú le clann Croker.

Éist anois

Máire & Harry Ferrins, as Carna & Mairéad Uí Chuaig.

Chuaigh Mairéad Uí Chuaig ar cuairt ag Máire agus Harry sa mbliain 2004 nuair a chuala sí go raibh cearca acu a bhí ag breith uibheacha glas.

Éist anois

Coilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir.

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Simon Coveney ar cuairt ar fud Chonamara inniu agus é ag caitheamh súl ar an damáiste ar fad atá déanta ag an drochaimsir. Bhí Cóilín ag reilig Mhaorais ar maidin nuair a tháinig an tAire ann agus chuir sé síos ar an méid a bhí le rá aige.

Éist anois

Bláthnaid Nic Cába, as Cill Dhéagláin, i gContae na Mí.

Tá Bláthnaid ar dhuine de na hiomaitheoirí do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada. Beidh an ócáid ar siúl in Óstán Rochestown Park i gCorcaigh tráthnóna inniu agus beidh sé le cloisteáil beo ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar Raidió na Gaeltachta.

Éist anois

Tríona Ní Ráinne, Bainisteoir Spórtlann Mhichael Mhóir.

Ócáid mhór ''White Collar Boxing'' ar siúl i Spórtlann Mhichael Mhóir san oíche amárach. Beidh idir fhir agus mná ag dornálaíocht agus iad ag súil le slua mór a theacht amach ag an ócáid.

Éist anois

Neain Tom Taimín a'Búrca, amhránaí sean-nóis.

Is ar Neain atá gradam TG4 do amhránaí na bliana le bronnadh do 2014. Ní raibh súil dhá laghad aice leis an ngradam agus tá sí tharr a bheith sásta léi fhéin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal