Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

irisaniar@rte.ie

Iris Aniar Déardaoin 6 Feabhra 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Peadar Ó Sé, Príomhoide Choláiste Cholmcille; Nora Boland, ó Choiste Tuismitheoirí Choláiste Cholmcille & Sorcha Ní Chualáin, scoláire.

Peadar Ó Sé, Príomhoide Choláiste Cholmcille; Nora Boland, ó Choiste Tuismitheoirí Choláiste Cholmcille & Sorcha Ní Chualáin, scoláire.

Tá coirmcheoil mhór á chur ar bun ag Coláiste Cholmcille in Óstán na Páirce san oíche amárach agus beidh go leor de na scoláirí ag glacadh páirte sa gcoirmcheoil, idir cheol, damhsa agus amhránaíocht. Is ar mhaithe le himeachtaí agus ócáidí a bhíonn ar siúl ag an gColáiste atá an choirmcheoil ar siúl.

Eoin Ó Ceannabháin, ón mBanna Ceoil Skippers Alley.

Eoin Ó Ceannabháin, ón mBanna Ceoil Skippers Alley.

Is banna ceoil óg iad ''Skippers Alley'' atá ag baint clú agus cáil amach dóibh féin i saol an cheoil thraidisiúnta. Bhí siad le feiceáil ar an Late Late Show coicís ó shin agus is as Carna i gConamara do Eoin. Tá sé i measc na n-iomaitheoirí sa chraobh do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada a bheidh ar siúl i gCorcaigh Dé hAoine seo chugainn.

Séamus Bairéad, Micheál Mac Thómais, Póilín Nic Suibhne & Oilibhéar Ó Muinghille, clann mhac leo ag imirt le foireann Cill tSéadna.

Séamus Bairéad, Micheál Mac Thómais, Póilín Nic Suibhne & Oilibhéar Ó Muinghille, clann mhac leo ag imirt le foireann Cill tSéadna.

Tá sceitimíní ar mhuintir chlub Chill tSéadna in iarthuaisceart Mhaigh Eo mar go mbeidh siad ag imirt i gcluiche ceannais idirmheánaigh na hÉireann peile Dé Domhnaigh seo chugainn.

Brendan Murray, stiúrthóir ealaíne Áras Inis Gluaire.

Brendan Murray, stiúrthóir ealaíne Áras Inis Gluaire.

Is mór atá tagtha isteach le cladach nach raibh aon tsúil leis de bharr na stoirme. Bhain buaí as an Mol Thuaidh a bhíonn ag coinneáil súil ar chúrsaí athrú aeráide iarthuaisceart Mhaigh Eo amach.

Iris Aniar ar Twitter

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís