Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 5 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Peadar Ó Cúláin, léiritheoir; Máirín Mhic Lochlainn; Mairéad Farrell & Cathal Ó Conchúir.

Bhí cruinniú poiblí ag Sinn Féin i nGaillimh aréir agus is é an gearradh siar atá ar na bacáin d'ospidéal Ollscoil na Gaillimhe a bhí ina údar imní acu.

Éist anois

Pádraic Ó Conaire, ó Chomhairle Chonnacht den Chumann Lúthchleas Gael.

Tá deontas sé mhíle euro ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich do Chomhairle Chonnacht den Chumann Lúthchleas Gael i gcomhar leis an eagraíocht Óige na Gaeltachta le comórtas seachtar an taobh faoi sheacht mbliana déag a eagrú arís i mbliana.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Bhí Máirtín ag cur síos ar leabhar Mháire Pheaits Mhóir Uí Churraidhín as Aill a 'Phréacháin.

Éist anois

Fionnuala Ní Ghallchóir, eagarthóir agus stiúrthóir na Féile MÚSCAILT.

Sheol Ollscoil na hÉireann Gaillimh an Fhéile Bhliantúil MÚSCAILT an t-seachtain seo caite. Tá an fhéile seo á reáchtáil le ceithre bliana déag anuas agus is ag dul i méid atá sí le blianta beaga.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal