Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 4 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Donncha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Teanga.

Tugadh deis do phobal Chois Fharraige a mbreithiúnas a thabhairt ar na hionsaithe atá á ndéanamh go seasta síoraí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ag ceann de shraith cruinnithe faoin ábhar a bhí ar siúl aréir i Seanscoil Sailearna.

Éist anois

An Dr. Séamus Ó Beirn.

Is ar chaitheamh tobac atá an dochtúir ag caint ar maidin agus an dochar a dhéanann caitheamh tobac.

Éist anois

Máire Bríd Uí Ráinne, as Leitir Caladh & Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae.

Ag labhairt ar an damáiste atá déanta ag an droch aimsir ar sheanreilig Mhaorais i mBaile na hAbhann. Tá muintir na háite ag iarraidh ar an gComhairle Contae caoi a chur láithreach ar an damáiste atá déanta de na huaigheanna agus ballaí cosanta a chur suas leis an bhfarraige a stopadh ag dul isteach sa reilig.

Éist anois

Séamus Jaimsie Ó Flatharta, as Inis Mór.

Ag cur síos ar an damáiste atá déanta ar bhóithre agus ar chosáin in Árainn, tar éis na drochaimsire.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal