Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 3 Feabhra 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, as Foirnis & Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, as na Minna.

Millteanas déanta arís ag an drochaimsir an deireadh seachtaine seo. Tithe scoite amach arís de bharr na báistí agus taoide ard i gceantar Leitir Mealláin, damáiste déanta do sheanreilig Mhaorais i mBaile na hAbhann chomh maith.

Éist anois

Mairéad Uí Chuaig.

I ráiteas a d'eisigh Ospidéal na hOllscoile Gaillimh i dtús na seachtaine seo caite deir siad go raibh rannóg éigeandála an ospidéil thar a bheith cruógach agus mar gheall ar seo gur cuireadh obráidí nach raibh práinn leo ar athló. Bhí Mairéad istigh sa rannóg éigeandála le gairid agus chuir sí síos ar gach a bhfaca sí ansin.

Éist anois

Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Bhí tuairiscí sna nuachtáin an tseachtain seo caite go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar líon na seandaoine atá ar thóir cúnaimh ón líne chabhrach ''Senior Help Line'', an t-aon líne chabhrach sa tír a chuireann seirbhís ar fáil do sheandaoine. Is uaigneas ba chúis le go leor de na glaochanna de bharr easpa teangmhála le daoine eile.

Éist anois

Gráinne Bhreathnach, múinteoir ó Scoil Phobail Mhic Dara, Carna & Éanna Ó Coileáin & Aisling Ní Cheannabháin, scoláirí.

Tá grúpa scoláirí atá sa gceathrú agus sa gcúigiú bliain agus beirt mhúinteoirí ó Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna thall i Karlsruhe, in iardheisceart na Gearmáine mar chuid de mhalartú scoláirí faoi láthair.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal