Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 31 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Colm Ó Fátharta, ó Met Éireann.

Drochaimsir geallta arís an deireadh seachtaine seo. Báisteach agus stoirm le bheith againn arís le linn rabharta mór na Féile Bríde.

Éist anois

Máirín Ní Dhomhnaill, múinteoir ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin; Mary Ellen Ní Fhatharta, Lelia Ní Fhlatharta & Clíona Ní Laoi, scoláirí.

Bhuaigh foireann díospóireachta sóisir Scoil Chuimsítheach Chiaráin Craobh na hÉireann díospóireacht Uí Chadhain i gColáiste na Tríonóide aréir. ''Tá deireadh le comhar na gcomharsan in Éirinn'' an rún a bhí siad a phlé.

Éist anois

Mícheál Ó Domhnaill, ón gcomhlacht Fíbín.

Tá an comhlacht Fíbín ag taifeadadh sraith nua puipéid do ghasúir i stiúideo solas ar an Tulaigh faoi láthair agus tá súil acu go mbeidh sé le feiceáil ar TG4 roimh dheireadh na bliana.

Éist anois

Mairéad Ní Chonaola.

Amárach lá le Bríde agus beidh ceiliúradh idirnáisiúnta ar siúl ag Gairdín Bhríde, Ros Cathail ag tosú amárach agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach.

Éist anois

Cillian de Grás,Ionad Oidhreachta Inis Mór.

Tá Cillian mar bhainisteoir ar an Ionad Oidhreachta i nInis Mór.  Is as Cill Dara ó thús é agus tá sé tagtha i gcomharbacht ar Phádraig Ó Tuairisg atá éirithe as a chuid dualgas le tamall de bhlianta.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal