Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 30 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Tá sé tugtha le fios don Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, go bhfuil altraí agus oibrithe eile á n-earcú le dhul ag obair in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Éist anois

Morgan Ó Conchubhair, Bainisteoir Chomharchumann Sailearna.

Bhí riar grúpaí pobail agus eagraíochtaí eile i láthair ag cruinniú in oifigí Údarás na Gaeltachta aréir le plé agus réiteach a dhéanamh don phleanáil teanga sa gceantar.

Éist anois

Gráinne Ní Icí & Sorcha Ní Loideáin ó Choláiste Feichín i gCorr na Móna.

Tá roinnt scoileanna as an taobh seo tíre ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhaile Átha Cliath inniu chun a bheith san iomaíocht do Chraobh na hÉireann i ndíospóireacht Uí Chadhain 2014 a eagraíonn Gael Linn. Tá foireann ó Choláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna ar cheann de na scoileanna sin.

Éist anois

Bairbre Nic Dhonncha, ó Phléaráca Teoranta & Ruairí Ó Néill, ealaíontóir.

Labhair an bheirt ar an gcúrsa seodóireachta agus repoussé atá á chur ar siúl acu in Ionad Fiontair Ros Muc, cúrsa a gcuirfear tús leis Dé Céadaoin seo chugainn.

Éist anois

Conor Ó Gríofa, as Tír an Fhia.

Tá Conor thar a bheith sásta leis féin ar maidin agus a chuid ticéad faighte aige le haghaidh choirm cheoil Garth Brooks i bPáirc an Chrócaigh i Mí Iúil. Bhí Conor agus a chuid cairde ag campáil taobh amuigh den siopa ticéad i nGaillimh ar feadh lae agus oíche.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal