Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 29 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Máire Treasa Seoighe, as Ros a Mhíl.

I 1998 fuair Máire Treasa Seoighe as Ros a'Mhíl an drochscéala go raibh ailse brollaigh uirthi agus buaileadh go dona arís í in 2011. An bhliain seo caite fuair sí amach go raibh ailse tagtha ar ais don tríú huair. Fuair sí meall eile ina muineál cúpla mí ó shin agus faraor ailse atá ar ais arís.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar lucht carthanachta a bheith ag fáil airgid mhóir. Labhair sé faoin gcoimisinéir Seán Ó Cuirreáin a bheith os comhair coiste Oireachtais. Chuir sé síos ar leabhar Mháire Pheaits Mhóir Uí Churraoin as Aill an Phréacháin a seoladh i 1995.

Éist anois

Peadar Ó Sé, príomhoide Choláiste Cholmcille, Indreabháin & Sarah Ní Chualáin, scoláire san idirbhliain, as Teach Mór, Indreabhán.

Tá tríocha dó scoláire as Rang na hidirbhliana, Coláiste Cholmcille, ar dhianchúrsa scileanna sciála i Lavarone na hIodáile ar feadh sé lá. Is mar chuid de chlár na hidirbhliana a heagraíodh an turas oideachais seo.

Éist anois

Nada Ní Chuirrín, as Leitir Fraic.

Tá Nada ag baint clú agus cáil amach de bharr a cuid ceoil ar an gconsairtín. Fuair sí an seans casadh ar stáitse in éineacht leis an bpíobaire mór le rá as iar-dheisceart na Spáinne, Carlos Nunez, in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath le gairid. Tá Nada ag freastal ar Choláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal