Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 27 Eanáir 2014

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Seosamh Ó Cualáin, iarshairsint.

Seosamh Ó Cualáin, iarshairsint.

Tá sé fógartha inniu ag Coiste Chearta Chonamara gurb é an t-iarsháirsint Seosamh Ó Cualáin a bheas ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách don choiste sna toghcháin áitiúla i mí Bealtaine seo chugainn.

Pádraic Pheaitín an Táilliúra Ó Conghaile, Cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Pádraic Pheaitín an Táilliúra Ó Conghaile, Cathaoirleach Ghlór na Tuaithe.

Ag cur síos ar an mhíshástaíocht atá ar thiománaithe i gceantar Chois Fharraige faoi na teoraí luais atá ann agus ar na fuarlaí atá ar na bóithre de barr na drochaimsire. Bhí cruinniú sa gClochán ar an deireadh seachtaine mar gheall ar an droch-chaoi atá fágtha ar an áit de bharr na drochaimsire.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil thar a bheith sásta faoin dea-scéala go bhfuil 122,437 euro ceadaithe ag LEADER don chosán coisithe ar an mBaile Ard ar an Spidéal. 

Máirtín Tom Sheáinín, ár dtuairisceoir.

Máirtín Tom Sheáinín, ár dtuairisceoir.

Tá Máirtín thall i Plymouth faoi láthair, áit a bhfuil ócáid mhór le bheith ar siúl amárach nuair a dhéanfar Easpag de Mark O'Toole. Ba as Leitir Caladh athair Mark, Marcus Chóilín Choilm Uí Thuathail agus is as an Máimín, Leitir Móir a mháthair, Máire Mháirtín Learaí Mac Donncha.

Úna Ní Fhlatharta, as Doire Fhearta; Seán Ó Tárpaigh, as Co. Mhaigh Eo & Pádraig Ó Feinneadha, as an Spidéal.

Ag cur síos ar an gcúrsa aistriúcháin MSC de chuid Europus atá siad a dhéanamh faoi láthair. Cuireann Europus an cúrsa ar fáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh agus Mhaigh Eo. Chuala muid giota beag de na píosaí raidió atá déanta ag an triúr acu.

Iris Aniar

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís