Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 24 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Veronica Ní Loideáin, as Leitir Ard & Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

Ag labhairt faoin drochbhail a d'fhág an stoirm uirthi féin agus a clann sa méid agus go raibh an bóthar go dtí a teach scuabtha chun bealaigh. Tá Veronica thar bheith díomách le Comhairle Contae na Gaillimhe agus an neamhaird atá siad a dhéanamh dá cás.

Éist anois

Paddy McGrath, as Ros Muc ó dhúchas, ach atá ina chónaí i mBoston.

Ag cur síos ar an sneachta mór atá i mBoston faoi láthair agus go leor dhó feicthe aige ó chuaigh sé go Meiriceá in 1972. Chuir sé síos chomh maith ar an líon daoine atá go mídhleathach i Meiriceá agus an meas atá ar an Éireannach thall ansin.

Éist anois

Tara Nic Diarmada, ón Tearmann ''MADRA''.

Ag labhairt faoi go bhfuil tearmann gadhar atá lonnaithe i gCinn Mhara i gCamus ag eagrú lá uchtála do mhadraí i bPáirc Ghnó Chnoc Mhaoil Drise amárach ón 12.in. go dtí 4.in.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal