Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 21 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Cathy Ní Ghoill, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann & Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Léirigh coiste Chomharchumann Forbartha Árann a n-imní faoin tseirbhís farrantóireachta go hInis Mór ag cruinniú le hionadaithe poiblí Ghaillimh Thiar i nGaillimh inné.

Éist anois

Liam Ó Tuairisg, as Inis Mór.

Tá Liam ag caitheamh a shaoil ar na báid, ach ní de bharr easpa oibre é mar go bhfuil sé ag obair mar innealtóir ar na báid mhóra phléisiúir ar fud an domhain.

Éist anois

Elizabeth Ní Mhaoileáin, as an Aird Mhóir; Lorna Ní Mhaoileáin, as Bearna & Michael Gibbons, seandálaí.

Tá cloigne dhá thua cloiche faighte ag Cor na hAirde Móire i gCill Chiaráin agus ceaptar go bhféadfadh ceann acu bheith os cionn 5,000 bliain d'aois.

Éist anois

Catherine Connolly, Seanadóir.

Tá a himní léirithe ag an gComhairleoir Cathrach agus ball d'Fhóram Sláinte an Iarthair, Catherine Connolly, faoi obráidí a bheith á gcur ar ceal in ospidéal Ollscoil na Gaillimhe. Cuirfear as freisin do sheirbhísí meabhairshláinte san ospidéal i nGaillimh mar gheall ar an ngearradh siar atá á dhéanamh ar na seirbhísí sin i mBéal Átha na Slua.

Éist anois

Ciana Ní Churraoin & Fiontán Ó Curraoin, ó chumann peile Micheál Breathnach.

Gradam réalta spóirt na Gaillimhe bronnta ar an mbeirt.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal