Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 17 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Tomás Ó Fátharta, urlabhraí do Chumann na bhFeirmeoirí.

D'fhógair an Rialtas maoiniú 12.5 billiún euro do chúrsaí talmhaíochta ar feadh na seacht mbliana seo romhainn. Tiocfaidh an chuid is mó den airgead ó chomhpholasaí talamhaíochta an Aontais Eorpaigh nó an CAP mar a thugtar air.

Éist anois

Páid, Bróna agus Aisling Ní Neachtain, as an Spidéal.

Seo sceitse a scríobh Páid Ó Neachtain ''Máirín Armagh''.

Éist anois

Niall Ó Céirín, iar-ailtire as Maigh Cuilinn.

Ag cur síos ar a chuid oibre mar ailtire agus ar na foirgnimh a raibh sé ag obair orthu i gConamara. Bíonn Niall ag déanamh go leor siúlóidí cnoc chomh maith agus tá go leor cnoc siúlta aige ar fud an domhain.

Éist anois

Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, ceoltóir agus iascaire.

Chuir Sonaí síos ar an scrios atá rónta a dhéanamh ar eangacha agus ar thramanna ar chóstaí Chonamara.

Éist anois

Niamh de Búrca, ó Ghael Linn.

Tá an dara céim den chomórtas Siansa Gael Linn ag tosú i tús mhí Feabhra le ceardlanna ar siúl timpeall na tíre ina mbeidh tríocha dó grúpa páirteach agus roghnófar ocht ngrúpa le bheith páirteach i gCraobh Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 6ú Aibreán 2014.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal