Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 15 Eanáir 2014

Éist anois

John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, ó Choiste Iascairí Intíre agus Cois Cladaigh.

Le linn dóibh a bheith in Inis Oírr inné, thug fochoiste iascaireachta na Dála agus an tSeanaid le fios go gcaithfidh polasaithe iascaireachta agus eile an rialtas cuidiú le phobail bheaga amuigh faoin tír agus ar na hoileáin, i leaba a bheith ag cur dris chosáin ina mbealach.
Éist anois

Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeanach Mhuintearas na nOileán.

Tá moladh go leor faighte ag pobal an Spidéil mar gheall ar an nglanadh suas a rinneadh ar thrá an Spidéil Dé Sathairn seo caite.
Éist anois

Séamus Hickey, as Bearna agus fear a bhfuil suim mhór aige i gcúrsaí staire agus seandálaíochta an cheantair.

Chomh maith le gach áit eile ar fud chósta Chonamara rinneadh damáiste do na cladaí i gceantar Bhearna, tá céibh Bhearna é féin réabtha agus Trá na gCeann, ach tá difríocht amháin ann is é sin go bhfuil ordú caomhnaithe ar chéibh Bhearna, rud a fhágann nach féidir leis an ngnáthdhuine dul ag cartadh ann.
Éist anois

Paddy Ó Fiannachta, ó Chumann Beachairí Chonamara.

Tá sé i gceist ag Cumann Beachairí Chonamara sraith ceardlanna a thabhairt i scoileanna náisiúnta i gceantar Chamais agus Ros Muc. Tá súil go spreagfaidh na ranganna suim na ngasúr sa gCumann agus an obair iontach atá ar siúl acu agus go mbeidh siad féin agus a dtuismitheoirí, b'fhéidir, in ann tosú ag coinneáil beach.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal