Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 14 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seosamh Ó Cuaig, Cathaoirleach Chomhairleoirí Chonamara & Seosamh Ó Laoi, Comhairleoir Contae.

Bhí cruinniú inné ag comhairleoirí contae Chonamara le feidhmeannaigh na Comhairle Contae le plé a dhéanamh ar an damáiste atá déanta ag farraigí arda agus ag stoirmeacha do chósta Chonamara. Chuir siad beirt síos ar mar a d'éirigh le cruinniú an lae inné.

Éist anois

An dochtúir Séamus Ó Beirn, mír rialta sláinte.

Mír Sláinte - Bhí an Dr. Ó Beirn ag caint ar cholaistéaról inniu.

Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Ag cur síos ar an damáiste a rinne an drochaimsir i gceantar na Minna agus ar chósta an Iarthair.

Éist anois

Tríona Ní Ráinne, Bainisteoir Spórtlann Mhichael Mhóir & John O'Leary, ó choiste na nÓg i gCumann Lúthchleas Gael an Spidéil.

Ag cur síos ar an éileamh atá ar ranganna aclaíochta sa Spórtlann faoi láthair agus thug sí le fios gur thosaigh 'Operation Transformation' sa Spórtlann an tseachtain seo caite. Tá coiste na nÓg de Chumann Lúthchleas Gael an Spidéil le tosú ar fheachtas bailiúchán airgid atá bunaithe ar an gclár teilifíse 'Operation Transformation'.

Éist anois

Bríde de Róiste, ó Ghlór Cheatharlach.

Is gearr uainn an spriocdháta le haghaidh iarratas don chomórtas náisiúnta chun amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal