Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 13 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Máirín Ní Choincheanainn, Coláiste Naoimh Eoin, Inis Meáin; Cormac Ó Cadhain, múinteoir eolaíochta & Mairéad Ní Fhatharta, Príomoide.

D'éirigh le Máirín an chéad áit a bhaint amach sa rannóg idirmheánach d'eolaíochtaí ceimiceacha, fisiceacha agus matamaitice ag Taispeántas Eolaithe Óga BT i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Éist anois

Pádraig & Annie Ó hUaithnín, as Damhras, Carna.

Ag labhairt faoi go ndeachaigh an taoide isteach ina dteach le linn na drochaimsire.

Éist anois

Pádraic de Bhaldraithe, muireolaí.

Ag cur síos ar an téamh domhanda agus go bhfuil na comharthaí ar fad le feiceáil, is é sin an samhradh níos teo, gálaí níos láidre, báisteach níos troime agus taoide níos airde.

Éist anois

Maitiú Ó Gríofa, as Caladh Thaidhg, An Cheathrú Rua & Máirín Nic Con Iomaire, ár dtuairisceoir.

Ag cur síos ar an gcóras nua teasa atá curtha sa teach aige agus an tsábháil atá sé á dhéanamh á bharr.

Éist anois

Máirín Ní Nualláin, síceolaí.

Seo é an t-am den bhliain a mbraitheann daoine in ísle brí. A gcuid cairde, nó a gclann ag tabhairt a n-aghaidh ar an mbád bán arís tar éis saoire na Nollag.

Éist anois

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, ó Phastime Chonamara.

Tá an eagraíocht Pastime Chonamara ag lorg iarratas faoi láthair do theagascóirí a mhúinfeadh scileanna ar leith, scileanna cosúil le caoldóireacht, adhmadóireacht nó aon obair phraiticiúil eile.

Éist anois

Batsheva Battu, ó CEIRD.

Tá an comhlacht ealaíne agus teanga CEIRD ag reáchtáil dhá cheardlann teanga, Fraincis agus Spáinnis, trí Ghaeilge faoi láthair do pháistí óga i gConamara.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal