Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé hAoine 10 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Seán Breathnach, Príomhoide Scoil Náisiúnta na bhForbacha.

D'fhógair an tAire Oideachais Ruairí Quinn inné go bhfuil sé ag cur 15 milliún euro do leataobh le scéim leabhair chíosa a bhunú i scoileanna náisiúnta nach bhfuil aon scéim iontu cheana féin.

Éist anois

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae.

Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann atá i gceannas ar sheirbhísí uisce na tíre ó thús na bliana seo, go n-íocfaidh siad as aon sceitheadh uisce a fhaightear sa gcéad bhliain ón uair a ghearrfear na táillí ar úinéirí tí.

Éist anois

Nuala Ní Chathasaigh, as an Más, i gCarna ó dhúchas.

Tá cónaí ar Nuala, a fear agus a gclann i Stevenville i dTalamh an Éisc le bliain. Bhí sí ag cur síos ar cé chomh dona is atá cúrsaí aimsire ansin faoi láthair.

Éist anois

Seosamh Ó Braonáin, saineolaí carranna.

Ag labhairt ar margadh na gcarranna agus titim mhór a bhí oraibh anuraidh.

Éist anois

Martina Goggin, as an Spidéal.

Ag cur síos ar an damáiste a rinne an stoirm ar an ngairdín cuimhneacháin ''Ciorcal na Beatha'' atá lonnaithe sa bpáirc atá le taobh Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh.

Éist anois

Paula Ní Loideáin, as Baile Conaola.

Ag cur síos ar an damáiste atá déanta ag an taoide ard agus an drochaimsir don chomhlacht ''Connemara Smokehouse'' i mBaile Conaola.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal