Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Déardaoin 9 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

D'eagraigh Fóram Iorras Aithneach cruinniú ar bhonn práinne aréir le léargas a fháil ar an millteanas atá déanta agus an deasú a theastaíonn de bharr na drochaimsire.

Éist anois

''Susan'' - bean a bhfuil fadhb óil ag a fear.

Tugann AL-ANON tacaíocht agus cúnamh do theaghlaigh agus cairde le daoine a bhfuil fadhb óil acu, bíodh an duine fós ag ól nó nach bhfuil. Tá ''Susan'' ag freastal ar na cruinnithe seo le roinnt blianta de bharr a fear céile bheith tugtha don ól.

Éist anois

Máirín Ní Choincheanainn, Coláiste Naoimh Eoin, Inis Meáin & Cormac Ó Cadhain, múinteoir eolaíochta i gColáiste Naomh Eoin.

Tá Taispeántas Eolaithe Óga BT ar siúl san RDS faoi láthair agus iad ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód i mbliana. I measc na scoileanna ón taobh seo tíre atá ag freastal ar an taispeántas, tá Coláiste Naomh Eoin in Inis Meáin.

Éist anois

Phil Uí Dhubhghaill, príomhoide Scoil Náisiúnta Cholm Cille & Colm Bairéad, stiurthóir ar an tsraith ''An Ceoldráma''.

Beidh sraith úrnua, An Ceoldráma, le craoladh ar TG4 ar feadh ceithre seachtaine ón Domhnach seo chugainn, an 12ú Éanair ag 8 i.n.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal