Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 8 Eanáir 2014

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Maidhc Ó Curraoin, rúnaí Choiste Chomhairle Ceantair na nOileán.

Socraíodh ag cruinniú a bhí ag coiste Chomhairle Ceantar na nOileán inné, go gcuirfí tuairisc faoi na háiteanna is measa atá réabtha ag an drochaimsir, faoi bhráid innealtóir na Comhairle Contae.

Éist anois

Máire & Harry Ferons, as Dubh Ithir; Máirtín Ó Curraoin; Máire Uí Chualáin; Declan Ó hUaithnín & Marcus & Seán Ó Gaora.

Tá réabadh mór déanta ar fud Chonamara ar fad ag gálaí móra na seachtaine seo caite. Chuaigh Mairéad Uí Chuaig chomh fada le Muighinis agus Dubh Ithir agus Muighros agus labhair sí le cuid de na daoine a dtáinig an taoide isteach ina gcuid tithe.

Éist anois

Bernie Ní Fhlatharta, colúnaí leis an gCurradh Connachtach.

Ag cur síos ar an méid atá san Old Moore's Almanac don bhliain 2014.

Éist anois

Nuala Ní Ghuairim, bainisteoir margaíochta leis an Siopa Born Clothing i nGaillimh.

Tá Nuala ag baint clú agus cáil amach i saol an fhaisin. Sheol sí an blag faisin Penny and Polaroids i Meán Fómhair 2012 agus tá ardmholadh faighte aici á bharr in achar an-ghearr.

Éist anois

Caroline Ní Chualáin, ó Ghréasán na Meáin.

Tá Gréasán na Meán ag reáchtáil dhá chúrsa grianghrafadóireachta an mhí seo, ag tosú an tseachtain seo chugainn.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoir/Producer: Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal