Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 6 Eanáir 2014

Éist anois

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil & Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh.

Bhí Aodán ag cur síos ar an damáiste atá déanta ag an drochaimsir i gceantar an Spidéil agus bhí Máirtín Jaimsie ag labhairt ar an damáiste atá déanta ar an gcladach i gceantar na Minna le linn na drochaimsire.

Éist anois

Seosamh Ó Maoláin, as an Aird Mhóir; Peter Mac Giolla Phádraic, as Carna; Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha & Beartla Neidín Mac an Rí.

Ag cur síos ar an damáiste a rinne na stoirmeacha a bhí ann an tseachtain seo caite. Réabadh mór déanta ar bhóithre agus ar chladaí.

Éist anois

Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.

Tá sé ráite ag Trevor go dteastódh ón rialtas cúnamh airgid a chur ar fáil le réiteach a fháil ar an damáiste atá déanta ag an drochaimsir anseo i gConamara.

Éist anois

Richie McDonagh, as Carna.

Chuaigh Richie agus a chailín cara ar imirce go Ceanada sa samhradh seo caite. Cur sé síos ar an saol atá acu i gCeanada.

Éist anois

Noel O'Donnell, as Cill Bhriocáin, Ros Muc & Máire Uí Eidhin, as an Spidéal.

Ag cur síos ar Lá Chinn an Dá Lá Dhéag agus na coinnle a bhíodh lasta. Nós nua atá ann le blianta beaga go dtéann na mná amach le chéile oíche Lá Chinn an Dá Lá Dhéag. Chuala muid comhrá a rinne Tom Phaidí faoi Lá Chinn an Dá Lá Dhéag thart ar thríocha bliain ó shin.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal