Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 24 Nollaig 2013

Éist anois

Séamus Jaimsie Ó Flaithearta.

Bhí Séamus ag cur síos ar an droch aimsir agus é ag cur as go mór do na daoine atá ag iarradh file ar an mbaile le haghaidh na Nollag. Níl aon chumhacht aibhléise ar Oileán Árann de bharr na droch aimsire.
Éist anois

Bairbre Bn Mhic Dhonncha RIP.

Chuala muid Bairbre ag aithris Scéal Nollag ''Eachtraí San Nioclás'' mar a rinne sí ar Chlár na bPáistí agus Aingeal Ní Chonchubhair ar an 17 Nollaig, 1982.
Éist anois

Máirtín Ó Catháin, iriseoir.

Bhí scéal ábhartha go maith sa gCurradh Connachta an tseachtain seo caite faoi cheann d'ainmhí na Nollag, sé sin an tasal.
Éist anois

Páid, Bróna agus Aisling Ní Neachtain.

Sceitse le Páid & Bróna agus Aisling Ní Neachtain.
Éist anois

Seán Ó Conghaile, as Cois Fharraige RIP.

Tá Seán ag cur síos ar Oíche Nollag fadó agus an gnás a bhí ag baint leis an Nollaig sna blianta atá caite. Rinneadh an taifead sa mbliain 1974.
Éist anois

Bridie Uí Chonghaile, as Seanadh Phéistín.

Tá comhlacht nua fo-éadaí oscailte in Eastáit Údarás na Gaeltachta ar an Spidéal. Ní gnáth fo-éadaí atá siad ag díol, mar deireann siad go gcuideoidh na fo-éadaí seo leat meáchan a chailleadh agus tú i do chodladh.
Éist anois

Noel Sonaí Ó Domhnaill, as an gCeathrú Rua.

Is breá an rud a bheith ag caint le daoine atá tagtha abhaile faoi choinne na Nollag go háirithe agus an baol ann go mbeidh tuilleadh acu sáinnithe de bharr drochaimsire. Tá Noel tagtha abhaile as an Ísiltír.
Éist anois

Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, colúnaí.

Tá sé ina Nollaig agus tá Máirtín ag Roilleachas. Tá an turcaí agus dinnéar mór na Nollag i gceist aige idir anraith agus milseog. Bhí scéal grinn aige faoin gcéad chúrsa a bhí ag fear as Árainn ag bainis i nGaillimh fadó. Bhí sé ag cur síos gur aimsir uaigneach í an Nollag freisin do go leor daoine.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Súil Siar

Iris Aniar ar Twitter

Láithreoir/Presenter: Eibhlín Ní Chonghaile
Léiritheoir/Producer: Máire Áine Ní Chuaig 

Sceideal Féach sceideal