Iris Aniar

09:15 - 10:30 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Luain 23 Nollaig 2013

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó Chasla.

Éist anois

Stiofán Ó Cualáin, atá ag gníomhú mar phríomhoide i gColáiste na Coiribe.

Tá scéala faighte ag Coláiste na Coiribe gur féidir leo a dhul chun cinn agus na cáipéisí tairisceana a réiteach don scoil nua atá le tógáil dóibh i gCnoc na Cathrach.

Éist anois

Gearóid Mac Eoin;Tomás Ó Ceallaigh; Máire Mhac an tSaoi, Tom Sailí Ó Flaithearta & Pádraic Tom Phatch Eoin Ó Neachtain.

Sa bpíosa seo cloisfidh muid píosaí a chum filí agus manaí na hÉireann agus iad ag craobh scaoileadh an chreideamh ar fud na tíre.

Éist anois

Máire Ní Eidhin, iar mhúinteoir as an Spidéal & Michael McCann, ó chumann Naomh Uinseann de Pól.

Ag cur síos ar an mbeatha a bhíonn le cur ar an mbord oíche Nollag agus lá Nollag. Tá níos mó daoine ná riamh ag lorg cabhrach ón Eagraíocht Naomh Uinseann De Pól i gcathair na Gaillimhe.

Éist anois

Uinseann Mac Thómais.

Tá an rialtas ag iarraidh níos mó daoine a mhealladh níos doimhne isteach in earnáil na teicneolaíochta, go háirithe an chuid de a bhaineann le cúrsaí digiteacha. Tá coláiste i mBleá Cliath ar a dtugtar Digital Skills Academy atá faoi choimirce institiúid teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Éist anois

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil réidh anois le dhul ar aghaidh ar an bpointe boise leis an gcosán coisithe ar an mBaile Ard...ach a bhfógróidh an tAire Phil Hogan go bhfuil tuilleadh airgid ceadaithe aige do Chomhar na nOileán.

Éist anois

Máire T. Ní Mhadaoin, léiritheoir.

Craolfar an clár, Tóstal i gCarna ar TG4 anocht. Is faoi mhuintir Mhic Dhonncha i gCarna atá an clár.

Éist anois

Micheál Seoighe, iar chraoltóir le RnaG.

Ag labhairt ar na leabhara spóirt atá ar an margadh faoi láthair.

Éist anois

Margaret Uí Oibicín, Leitir Mucú.

Tá muid ag leanacht Margaret Uí Oibicín ó mí Meán Fómhair seo caite agus í ar chúrsa deich seachtainí leis an Ionad Dea Shláinte ar an Spidéal chun meáchan a chailleadh.

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár is deireanaí

Láithreoir: Seán Bán Breathnach, Máirín Nic Con Iomaire
Léiritheoirí: Máire Áine Ní Chuaig, Peadar Ó Cúláin

Sceideal Féach sceideal